Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí

Cuirfear an fhianaise foghlama a bhailítear sa phunann CFL1 i láthair don Mheasúnú do Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS). Beidh an fhoghlaim a aithnítear sa PGSS ailínithe go leathan le Leibhéal 1 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ). Eiseoidh an scoil an PGSS. Beidh dhá chomhpháirt churaclaim i gceist i mbronnadh PGSS. Is iad sin na hAonaid Tosaíochta Foghlama (ATFanna) ar tugadh breac-chuntas orthu níos túisce sna treoirlínte seo, agus na gearrchúrsaí a ndearnadh cur síos orthu ar lch 18. Mar aon le ATFanna, beidh ábhar na ngearrchúrsaí ailínithe leis na táscairí foghlama ag Leibhéal 1 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Mar gheall go ndíríonn na riachtanais don PGSS ar na ATFanna agus gearrchúrsaí Leibhéal 1, ní gá go mbeadh an scoláire iomlán teoranta don fhoghlaim ag Leibhéal 1. I gcás go sásaíonn sé riachtanais agus cumais an scoláire lena mbaineann, is féidir comhpháirteanna curaclaim ag leibhéil eile a áireamh ina chlár scoile freisin. Mar shampla, d’fhéadfadh an scoláire ATF nó gearrchúrsa a dhéanamh ag Leibhéal 2 agus a ghnóthachtáil ag an leibhéal sin a aithint mar chuid dá PGSS freisin. Tugtar breac-chuntas ar na príomhghnéithe agus riachtanais a bhaineann le PGSS ag Leibhéal 1 i dTábla 1 ar na leathanaigh ina dhiaidh seo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.